Maidir leis na Gradaim Ár nDomhan

Is é aidhm Ghradaim Ár nDomhan cur ar chumas daltaí eolas a chur ar shaol leanaí agus a dteaghlaigh i dtíortha i mbéal forbartha agus ar an gcaoi a bhfuil Éire, trí Chúnamh Éireann, agus 192 thír eile sna Náisiúin Aontaithe ag obair le chéile chun domhan níos sábháilte agus níos cothroime a chruthú, agus chun todhchaí níos fearr a chruthú do na leanaí go léir timpeall na cruinne.

Mar shaoránaigh dhomhanda, is féidir le daltaí a gcuid féin a dhéanamh trí pháirt a ghlacadh sna Gradaim agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.

Páirt a ghlacadh

Pupils from Clonburris stand in front of the Sustainable Development Goals

Trí úsáid a bhaint as an Iris do Dhaltaí agus na pleananna ceachta a ghabhann léi, is féidir leat tabhairt faoi shaothar cruthaitheach a léiríonn an méid a d’fhoghlaim tú nó na rudaí a spreag tú.

Is féidir leat scríbhneoireacht, saothar ealaíne, ceol nó scannán a úsáid agus do shaothar a chur isteach agus b’fhéidir go n-éireodh leat ceann dár nduaiseanna iontacha a bhuachan do do rang.

An Chraobh Náisiúnta

Gach bliain, reáchtálann Gradaim ár nDomhain Craobh Náisiúnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar na saothair den scoth a chuireann na daltaí isteach agus chun aitheantas a thabhairt dóibh.

Bhí an Chraobh Náisiúnta ar siúl ar an 30 Bealtaine 2025 i
gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair iontach atá ar siúl ag scoileanna ar fud na tíre. Rinneadh an ócáid a chraoladh beo freisin ionas go bhféadfadh pobal iomlán na scoile ceiliúradh linn ar an lá.



Déan difríocht le Gradaim Ár nDomhan

Glac páirt i nGradaim Ár nDomhan trí úsáid a bhaint as ár n-acmhainní solúbtha atá nasctha leis an gcuraclam chun iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna domhanda agus do chuid foghlama a léiriú go cruthaitheach. Bíonn duaiseanna den scoth ann mar aon le deis an chraobh náisiúnta a bhaint amach, agus is iontach an deis í do dhaltaí difríocht a dhéanamh!

Bí páirteach

Cláraigh chun ár n-acmhainní saoránachta domhanda saor in aisce a íoslódáil chun na héilimh go léir i gCreatchuraclam na Bunscoile a shásamh!
Bain úsáid as acmhainní solúbtha traschuraclaim ina bhféachtar ar obair Chúnamh Éireann, ar na Spriocanna Forbartha Domhanda, agus ar chás-staidéir de chuid Ghradaim Ár nDomhan.

Cruthaigh

Spreag na daltaí chun saothar cruthaitheach scríofa nó ilmheán a chruthú ina léirítear a bhfuil foghlamtha acu. Roinn saothar na ndaltaí (i nGaeilge nó i mBéarla) chun deis a bheith agaibh duaiseanna a bhuachan nó freastal ar Chraobh Náisiúnta 2026.

Cuir isteach

Cuir isteach an fhoirm iarratais agus saothair na ndaltaí ar ríomhphost chuig ourworld@realnation.ie nó sa phost chuig:

Oifig Tionscadail Ghradaim Ár nDomhan,
Real Nation, 
94 Sráid Bhagóid Íochtarach
Baile Átha Cliath 2,
D02 XN82

Beidh Irisí Daltaí 2026 ar fáil ó thús mhí Dheireadh Fómhair 2025. Is é an 23 Márta 2026 an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha. Beidh an Chraobh Náisiúnta ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 7 Bealtaine 2026.

Pleananna Ceachta

Do dhaltaí rang 3-6 a dearadh gníomhaíochtaí ceachta Ghradaim Ár nDomhan. Dearadh iad chun gníomhaíochtaí solúbtha, atá ailínithe leis an gcuraclam, a chur ar fáil chun tacú leis an Oideachas Saoránachta Domhanda. Ina measc, tá ábhar tarraingteach agus ábhair ón bhfíorshaol ina dtugtar aghaidh ar phríomhinniúlachtaí amhail a bheith i do shaoránach gníomhach, a bheith i d’fhoghlaimeoir gníomhach, a bheith slán, agus a bheith cruthaitheach. Íoslódáil na pleananna ceachta thíos chun beocht a chur sna hábhair sin sa seomra ranga!

Lesson Plan Mock Up as Gaeilge

Iris do Dhaltaí

Cover and inner pages of Irish language Pupils Magazine

Forbraítear an Iris do Dhaltaí gach bliain chun daltaí a mhealladh le hobair Chúnamh Éireann trí chás-staidéir, fíricí spraíúla agus gníomhaíochtaí. Déantar iniúchadh in iris 2026 ar shaol daoine agus pobal i Laos, i Mósaimbíc agus i Siarra Leon.

Tá cairteacha agus cluichí ann a chuidíonn le daltaí eolas a chur ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe ar bhealach idirghníomhach. Roinn an iris seo le do dhaltaí nó le do leanbh chun cabhrú leo tabhairt faoi thuras saoránachta domhanda.